zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
25 June 2026
Síle Uí Ghallachóir agus Máirín Uí Fhearraigh ó Choiste Forbartha Ghabhla.
Beidh Féile Ghabhla 2026 ar siúl an deireadh seachtaine seo ar Oilean Ghabhla agus ar tír mór.
10 min
25 June 2026
Barrscéalta, clár iomlan, 25/06/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Aodh Máirtín Ó Fearraigh agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
52 min
25 June 2026
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh, Sinn Féin.
Níor éirigh le rún a chur an Teachta Dála Charles Ward os comhair na Dála aréir faoin chaighdeán IS 465 a úsáidtear le measúnú a dhéanamh ar bhrící lochtacha. Deir an Teachta Ó Dochartaigh go bhfuil gá le hathbhreithniú ar Scéim Cúitimh na mBrící Lochtacha.
8 min
25 June 2026
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap ó íoclann an Bhun Bhig.
Mír rialta leis an Dochtúir Delap faoi chúrsaí sláinte agus leighis. Plé inniu faoi na pleananna d’Aonad Timpiste agus Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn, liostaí feitheamh san otharlann agus comhairle faoin dóigh le fanacht sábhailte sa teas mór atá in áiteacha sa tír faoi láthair.
5 min
25 June 2026
Brian Ó Gallachóir agus Seán Ó Cuirrín, Oifigigh Forbartha le Glór na nGael.
Ag fógairt an gearrliosta do chomórtas úr Ghlór na nGael do ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, an comórtas ‘ARDÁN’. Tá meascán de ghrúpaí Gaeltachta agus grúpaí atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht luaite sna gearrliostaí.
12 min
25 June 2026
Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta mór nuachta an lae ón taobh seo tíre.
3 min
25 June 2026
Joe Ó Cuilinn ó Choiste na mBaile Slachtmhara i gCarraig Airt.
Ainmníodh Carraig Airt mar bhuaiteoirí ghradam an tSráidbhaile is Feistiúla in Éirinn sa Chomórtas “Na mBailte is Feistiúla in Éirinn” inné ag ócáid a bhí ar siúl in Halla Riddel i mBéal Feirste.
5 min
24 June 2026
Sally Ní Dhuibhir agus Deirdre Learmont atá ag obair ar an chlár teilifíse Opry le Daniel.
Tá an clár ceoil tíre “Opry le Daniel” i measc na gcláracha teilifíse is mó a bhfuill tóir air ar TG4 le blianta anuas agus beidh Opry le Daniel ar ais sa Millennium Forum i nDoire ar an 30ú Meitheamh go dtí an dara lá d’Iúil.
12 min
24 June 2026
Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta mór nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
24 June 2026
An Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh ón Pháirtí Cúitimh 100%.
Chuir an Teachta Dála ón Pháirtí Cúitimh 100%, Charles Ward rún os comhair na Dála ar maidin inniu maidir leis an chaighdeán úr IS465 le measúnú a dhéanamh ar thithe le brící lochtacha a foilsíodh le gairid.
7 min